Seo linn…agus fásfaimid smaointe ó shíol go bláth! Muireann Ní Chíobháin

Cover Photo

May

25

9:30am

Seo linn…agus fásfaimid smaointe ó shíol go bláth! Muireann Ní Chíobháin

By ILFD

Is údar, scéalaí agus pearsa teilifíse í Muireann Ní Chíobháin. Bíonn sí le feiceáil go minic ar chláir do pháistí ar RTÉjr agus TG4. Nuair nach bhfuil sí ag cumadh scéalta, bíonn sí ag tarraingt pictiúir lena mac óg, ag cócaireacht nó ag snámh san fharraige. Tá dhá leabhair foilsithe aici – Scúnc agus Smúirín (Futa Fata) agus GIY’s Know-it-ALLmanac (GIY). Tá blocleabhar nua do naíonáin dá cuid á foilsiú go luath ag Futa Fata faoi uainín beag gleoite agus na heachtraí a bhíonn aige.
Tá Muireann ar bís a bheith páirteach san fhéile litríochta agus ag súil go mór le sibh a spreagadh chun scéalta a chumadh sibh féin. Bí i dteannta Muireann agus í ag léamh giotaí óna leabhair do pháistí agus go leor leor eile. Beidh scéalaíocht, ceardaíocht, gluaiseacht sa cheardlann bríomhar seo. Ní bheidh ag teastáil ach spás compórdach le suí agus páipéar, dathanna, siosúir agus samhlaíocht agus b’fhéidir cúnamh ó dhuine fásta ag teastáil chun an cheardaíocht a dhéanamh sibh féin sa bhaile.

hosted by

ILFD

ILFD

share

Open in Android app

for a better experience